Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 9 Aibreán 2021
- Foilsithe: 9 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 34 bás bhreise a bhaineann le COVID-19.
As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 3 bhás in Aibreán, 4 bhás i Márta, 19 mbás i bhFeabhra, 5 bhás in Eanáir agus 3 bhás i mí na Nollag nó níos luaithe.
Ba é 81 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 33 agus 96 bliain.
Tá 4,769* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 8 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 473 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 240,192** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Fir 224 díobh / mná 247 díobh
- Tá 76% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 29 bliain an mheánaois
- Tá 229 cás i mBaile Átha Cliath, 32 i gCill Dara, 21 i Maigh Eo, 19 sa Mhí, 30 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 142 cás leata i measc 19 gcontae eile***.
Amhail 8am inniu, tá 212 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 53 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 17 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 6 Aibreán 2021, tugadh 961,887 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- Tá a gcéad dáileog faighte ag 679,844 duine.
- Tá a dara dáileog faighte ag 282,043 duine.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Beidh aon duine a nochtadh do COVID-19 i rith dheireadh seachtaine na Cásca níos tógálaí anois ná mar a bhí go dtí seo - déan aonrú agus déan teagmháil le do DG, le do thoil, chun tástáil a shocrú má tá aon chomharthaí COVID-19 ort.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 4,738 bás.
** Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 239,727 cás deimhnithe.
*** Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 08 Aibreán 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 08Aib2021) | Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 08Aib2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 26Már2021 go dtí an 08Aib2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 26Már2021 go dtí an 08Aib2021) |
Éire | 473 | 411 | 144.9 | 6901 |
Uíbh Fhailí | 13 | 10 | 323.2 | 252 |
An Iarmhí | 12 | 10 | 239.9 | 213 |
Laois | 7 | 9 | 231.4 | 196 |
Baile Átha Cliath | 229 | 190 | 226.9 | 3057 |
Cill Dara | 32 | 35 | 220.2 | 490 |
An Cabhán | 13 | 9 | 193 | 147 |
Dún na nGall | 30 | 18 | 192.8 | 307 |
An Mhí | 19 | 18 | 173.8 | 339 |
An Longfort | <5 | 3 | 139.5 | 57 |
Lú | 5 | 10 | 131.1 | 169 |
Cill Mhantáin | 10 | 10 | 121.5 | 173 |
Muineachán | 7 | 6 | 112.4 | 69 |
Loch Garman | <5 | 8 | 104.9 | 157 |
Tiobraid Árann | 8 | 8 | 104 | 166 |
Maigh Eo | 21 | 8 | 95.8 | 125 |
Gaillimh | 18 | 17 | 86.4 | 223 |
Luimneach | 13 | 8 | 81.1 | 158 |
Ros Comáin | 6 | 2 | 74.4 | 48 |
Corcaigh | 14 | 18 | 58.4 | 317 |
Port Láirge | <5 | 5 | 56.8 | 66 |
Liatroim | 0 | 0 | 53.1 | 17 |
An Clár | <5 | 2 | 44.6 | 53 |
Ceatharlach | 0 | 1 | 40.4 | 23 |
Ciarraí | <5 | 3 | 30.5 | 45 |
Sligeach | <5 | 1 | 21.4 | 14 |
Cill Chainnigh | <5 | 1 | 20.2 | 20 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.
- Is é ráta na dteagmhas 7 lá 63.4 cás
- Is é an meán gluaisteach 5 lá 411 cás