Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain 28 Nollaig 2020
- Foilsithe: 28 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Nollaig 2020
Cuireadh bás breise amháin (1) a bhfuil baint aige le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu.
Go dtí seo tá 2,205 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 27 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 765 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 86,894 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 401 agus is mná iad 358
- ta 70% faoi bhun 45 bliain d’aois
- is é 33 an mheánaois
- 291 i mBaile Átha Cliath, 63 i gCorcaigh, 59 i Muineachán, 49 i Lú, 43 sa Mhí, agus tá na 260 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile
Amhail 8am inniu, tá 359 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 30 san aonad dianchúraim. Tugadh 41 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
"Tá na sonraí atá á dtuairisciú inniu níos ísle ná na laethanta suas go dtí 26 Nollaig. Fachtóirí a bhaineann leis an am seo den bhliain is cúis leis, áfach, ar nós rátaí tinrimh agus atreoraithe agus teacht i láthair chun tástála níos ísle i rith na Nollag.
"Breathnaímid ar go leor méadrach agus muid ag déanamh monatóireachta ar dhéine an ghalair COVID-19. Inniu táimid ag tuairisciú go bhfuil líon carnach na ndaoine atá san ospidéal sa tríú ráig seo sáraithe againn i gcomparáid leis an dara ráig. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine san ospidéal le dhá lá anuas. Is cúis imní í an treocht seo a léiríonn an méadú suntasach a chonacthas sa mhinicíocht le 10 lá anuas.
"Lena chois sin, tá ardú suntasach le feiceáil sna rátaí dearfacha atá ann sa tástáil i measc an phobail agus tá an meán seacht lá ardaithe ó 5.2 faoin gcéad ar 18 Nollaig go dtí os cionn 9.2 faoin gcéad. Léiríonn sé seo go bhfuil bonn déanta ag an víreas i measc an phobail. Is cúis eile í seo go bhfuilimid ag áitiú go láidir ar dhaoine fanacht sa bhaile go sábháilte agus gan an víreas seo a scaipeadh ná é a tholg, de réir mar atá sé ag dul thart go forleathan.
"do thoil, tar chun cinn chun go ndéanfaí tástáil ort más amhlaidh go mbraitheann tú tinn. Bíodh siomptóim COVID-19 ar eolas agat, agus cuir glaoch ar do dhochtúir ginearálta gan mhoill. Déan tú féin a fhéinaonrú i do sheomra má tá tú ag casacht, má tá fiabhras nó gearranáil ort, nó má thagann athrú ar do bholadh nó ar do bhlaiseadh. Más teagmháil teaghlaigh tú de chás deimhnithe, ba chóir duit srian a chur ar do ghluaiseachtaí ar feadh 14 lá fiú má fhaigheann tú toradh “COVID neamhaimsithe” ó do thástáil féin.
"Chomh maith le fanacht sa bhaile seachas as cúiseanna bunriachtanacha, cabhróidh na gníomhartha aonair tábhachtacha seo le cosc a chur ar an scaipeadh easpónantúil de COVID-19 i measc an phobail, agus cosnóidh siad na daoine is leochailí inár measc, ár gcóras sláinte agus iad siúd atá ag obair ar na línte tosaigh."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Chlár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
CRÍOCH
Is é ráta na dteagmhas 7 lá ná 140.
Is é an meán gluaisteach ná 949.