Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 11 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2020
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 15 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,467* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé Luain, an 11 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 139 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 23,135 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 9 Bealtaine (22,894 cás), an méid seo a leanas le fios:
- mná 57% díobh agus fir 43% díobh
- is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
- tugadh 2,998 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
- astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 383 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
- baineann 6,834 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (11,175 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,331 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,232 cás, nó 5%)
- astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 61%, is ionann teagmháil dhlúth agus 36%, is ionann taisteal thar lear agus 3%
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"De réir mar a dhruideann an 18 Bealtaine linn, an chéad dáta eile atá aibhsithe i dTreoirphlean an Rialtais, leanaimid le monatóireacht a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair a bhaineann le COVID-19. Áirítear leo seo an líon cásanna nua, na líonta daoine a tugadh chun ospidéil agus atá san Aonad Dianchúraim faoi láthair agus líon na mbásanna.
"Cé go gcreideann 43% den daonra go bhfuil an chuid is measa den phaindéim seo imithe thart, tá an víreas á scaipeadh go fóill agus tá an baol ann go fóill inár bpobail. Leanfaidh an tseirbhís sláinte ag ullmhú don víreas agus ag freagairt dó, iarrtar ar an bpobal leanúint orthu agus coimeád leis an dul chun cinn atá déanta againn."
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 6 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,467 bás.
Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte cé go gcreideann 43% den daonra go bhfuil an chuid is measa de phaindéim COVID-19 imithe thart, is ard don chloí le hiompar sábháilte chun cosaint ó COVID-19, agus tá a lámha á ní níos minice ag 95% de dhaoine, tá casacht á déanamh ag 78% de dhaoine isteach ina n-uillinneacha, tá ciarsúir á gcaitheamh amach láithreach ag 71% agus tá scaradh sóisialta á dhéanamh ag 90% i scuainí.
Nochtar sa suirbhé ar líne a rinne ionadaíocht don tír ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu (Dé Luain, an 11 Luain), a dhéantar dhá uair sa tseachtain, gur mian leis an bpobal leanúint le hiompar sábháilte amach anseo:
- beartaíonn 71% chun díghalrán a úsáid, aníos ó 59% mí ó shin
- beartaíonn 61% chun suí níos faide ó dhaoine eile nuair a bhíonn siad lasmuigh nó ar iompar poiblí, aníos ó 36% mí ó shin
- beartaíonn 34% chun fanacht sa bhaile seachas dul amach, aníos ó 16% mí ó shin