Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 16 Samhain 2020
- Foilsithe: 16 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19. Tharla na básanna go léir a tugadh le fios inniu i Samhain.
Tá 1,984 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 15 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 456 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 68,356* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 68,356 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 199 díobh agus mná iad 257 díobh
- tá 69% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 34 bliain an mheánaois
- tá 105 cás i mBaile Átha Cliath, 85 i Luimneach, 43 i gCorcaigh, 38 sa Mhí, 25 sa Chlár agus tá an fuílleach 160 cás leata i measc 21 contae eile
Amhail 2pm inniu, tá 274 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 10 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH