English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 18 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 18 Bealtaine 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 4 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,547 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Dé Luain, an 18 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 88 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 24,200 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 16 Bealtaine (24,036 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 57% díobh agus fir 43% díobh
  • is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 3,127 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 391 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 7,615 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (11,693 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,367 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,361 cás, nó 5%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 60%, is ionann teagmháil dhlúth agus 37%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Ar an gcéad lá inar aistríodh Éire isteach i gCéim a hAon den athoscailt, thugamar an líon ab ísle básanna faoi deara ó bhí an 27 Márta ann. Tá an víreas curtha faoi chois againn agus chuireamar teorainn ar an tionchar a d’imir sé ar shláinte an phobail. Is gá dúinn leanúint leis seo a dhéanamh sna seachtainí agus sna céimeanna amach romhainn."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis:

"Bás amháin iomarcach é gach bás, ach thug an chomhiarracht a rinneadh go dtí seo saol go leor daoine slán. Caithfimid saol níos mó daoine a thabhairt slán trí scaradh fisiciúil a dhéanamh, go háirithe i scuainí agus spásanna poiblí agus trí bhéasaíocht riospráide agus níochán lámh."

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:

"Agus sinn ag aistriú isteach i gcéim nua i bhfreagairt na hÉireann do COVID-19, tá deis anois againn chun ár ngníomhaíocht aclaíochta a mhéadú a mhéid le 5 chiliméadar agus bheith i dteannta carad lasmuigh den teaghlach. Spreagfainn duine ar bith ar féidir leo chun leas a bhaint as seo chun feabhas a chur ar mheabhairshláinte agus folláine."

CRÍOCH