English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 20 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 77 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu.

  • Bhí 67 duine a fuair bás lonnaithe san oirthear, 4 san iarthar, 4 san iarthuaisceart agus 2 i ndeisceart na tíre
  • Bhí 32 fear agus 44 bean i measc na ndaoine a fuair bás – níor sonraíodh inscne duine amháin
  • Is é 84 bliain meánaois na ndaoine a tugadh le fios a fuair bás inniu
  • Tugadh le fios go raibh bunriochtaí sláinte ar 54 duine

Tá 687 duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 1pm Dé Luain, an 20 Aibreán, thug saotharlanna na hÉireann le fios don IFCS go bhfuil 401 cás nua breise deimhnithe de COVID-19 ann

Tá 15,652 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 15 Aibreán (15,185 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • Mná 56% díobh agus fir 44% díobh, agus tá 478 braisle ann ina bhfuil 3,139 cás
  • Is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • Tugadh 2,272 cás (15%) go dtí an t-ospidéal
  • Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 306 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • Baineann 4,009 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (7,666 cás, 51% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (1,047 cás, nó 7%)
  • Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 62%, is ionann teagmháil dhlúth agus 34%, is ionann taisteal thar lear agus 4%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá tús áite á thabhairt do thástáil a dhéanamh ar thithe altranais agus saoráidí cónaithe fadtéarmacha.

“I saoráidí ina bhfuil braisle reatha, tá tástáil le déanamh ar gach cónaitheoir agus ball foirne. I gcás go dtugann saoráid a gcéad chás le fios, déanfar tástáil ar an bhfoireann agus na cónaitheoirí go léir.

“Leanann an FÉSPN le tús áite a thabhairt don earnáil seo, anuas ar dhaoine leochaileacha eile, agus leanfaimid le tacaíochtaí agus treoir a chur i bhfeidhm ar chosc agus rialú ionfhabhtuithe, nuair is gá.”

Dúirt an Dr Kathleen Mac Lellan, Rúnaí Cúnta na Roinne Sláinte agus Cathaoirleach Fhoghrúpa Daoine Leochaileacha an FÉSPN;

“Tá 18 bhfoireann freagartha COVID-19 ann ar fud na tíre, agus tá gach ceann faoi stiúir tacaíocht altranais shinsearaigh, a chabhraíonn le tithe altranais agus saoráidí cónaithe fadtéarmacha. Tá saineolas cliniciúil sinsearach, ionchur maidir le cosc agus rialú ionfhabhtuithe agus sláinte poiblí ag na foirne seo chun braislí a chosc agus a bhainistiú.”

Dúirt an Dr Siobhán Kennelly, Comhairleoir Cliniciúil FSS agus Ceannasaí Ghrúpa na nDaoine Breacaosta;

“Bhí próiseas leanúnach rannpháirtíochta agus tacaíochta ann leis an earnáil tithe altranais ó thús Feabhra.

Is eol dúinn, bunaithe ar thaithí idirnáisiúnta agus intíre, go ndíríonn an galar seo go díréireach ar ghrúpaí leochaileacha, ar nós daoine breacaosta agus iad siúd a bhfuil bunriochtaí sláinte orthu. Ach is eol dúinn freisin nach bhfuil gach ar thit amach in Éirinn maidir le básanna i dtithe altranais difriúil maidir le gach ar thit amach san Eoraip.

“Leanaimid lenár n-iarrachtaí chun tacú lenár ndaonra i rith na paindéime seo.”

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tosaíonn Seachtain Imdhíonta na hEorpa inniu. Agus scaipeadh COVID-19 á chomhrac againn, ní mór dúinn gan dearmad a dhéanamh ar an tionchar is féidir le galair thógálacha eile a imirt ar ár bpobail.

“Thug vacsaíní ní ba mhó saol slán agus chuir siad cosc ar ghalair ní ba thromchúisí - cosúil le bruitíneach agus meiningíteas - ná aon dul chun cinn a rinneadh sa stair leighis le déanaí.

“Má tá gnáth-imdhíonadh le fáil ag do leanbh, glaoigh ar chleachtas do DG, le do thoil, agus socraigh go gcasfar leo. Táthar ag leanúint leis an gclár imdhíonta náisiúnta a reáchtáil i rith bhriseadh amach COVID-19 agus baineann ríthábhacht leis chun naíonáin aonair a chosaint agus chun bristeacha amach de ghalar, ar féidir le vacsaín cosc a chur air, a sheachaint.”

Cuireann Deais Eolais COVID-19 na Roinne Sláinte an t-eolas is déanaí ar fáil ar chásanna.

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir:

Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go n-airíonn daoine uathu teagmháil a dhéanamh lena dteaghlach agus lena gcairde (54%) ach go gcreideann 9/10 go bhfuil na bearta reatha cuí.

Nochtar sa suirbhé ar líne a rinne ionadaíocht don tír ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • Tá daoine ag cloí leis an teachtaireacht sláinte poiblí agus tugann an tromlach mór díobh le fios go bhfuil bearta á gcur i bhfeidhm go gníomhach acu chun fanacht sa bhaile (90%), go bhfuil scaradh sóisialta á dhéanamh acu i scuaine (90%), go bhfuil a lámha á ní (94%) agus go ndéanann siad casacht isteach san uillinn (77%).
  • Tá daoine ag braistint, de réir a chéile agus den chéad uair go bhfuil an chuid is measa den phaindéim ag titim amach anois (52%) agus ní chreideann ach 26% go bhfuil an chuid is measa le teacht go fóill.