Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 25 Eanáir 2021
- Foilsithe: 25 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 26 Eanáir 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 7 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla gach ceann de na básanna seo in Eanáir.
Is é 77 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 43 agus 94 bliain.
Tá 2,977 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 24 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,372 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 188,923* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 188,923 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 616 díobh agus mná 751 díobh
- tá 56% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 41 bliain an mheánaois
- tá 502 cás i mBaile Átha Cliath, 164 i gCorcaigh, 77 i Loch Garman, 75 i bPort Láirge, 66 i Lú agus tá an fuílleach 488 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir
Amhail 2pm inniu, tá 1,905 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 219 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 58 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- is é ráta na dteagmhas 7 lá 296.3 cás
- is é an meán gluaisteach 5 lá 1,926 cás