English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 27 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 18 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19, agus deimhníodh 17 de na básanna sin i saotharlann.

Tá 1,102* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 1pm Dé Luain, an 27 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 386 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 19,648 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 25 Aibreán (19,095 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • Mná 57% díobh agus fir 42% díobh.
  • Is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • Tugadh 2,625 cás (14%) go dtí an t-ospidéal
  • Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 353 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • Baineann 5,204 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (9,532 cás, 50% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,127 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,125 cás, nó 6%)
  • Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 63%, is ionann teagmháil dhlúth agus 33%, is ionann taisteal thar lear agus 4%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Luamar go soiléir i gcónaí go bhfuil rudaí áirithe ann ar gá dúinn a bheith sásta leo sula molfar aon athrú ar shrianta reatha. Is é an rud is tábhachtaí ná gur gá do ráta theagmhais an víris a bheith a ísle agus is féidir i dtaobh tharchur an víris sa phobal agus laistigh de shuíomhanna pobail agus cónaithe. Anuas air sin, caithfidh an tionchar a imríonn an galar ar rátaí básmhaireachta agus an líon daoine a tugadh chuig an ospidéal, iontrálacha chuig aonaid dianchúraim ina measc a bheith ar leibhéal an-íseal.

“Tá feabhsúcháin ag teastáil go fóill sna bearta tábhachtacha seo.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:

“Is eol go maith dúinn cé chomh deacair atá na srianta reatha do dhaoine agus do theaghlaigh. Tá roinnt tacaíochtaí ar fáil ar gov.ie/together agus yourmentalhealth.ie agus is fiú na háiseanna seo a úsáid agus teagmháil a dhéanamh le do DG má tá tú faoi strus mór.”

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir:

Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go gceapann 81% den daonra go bhfuil freagairt an Rialtais do bhriseadh amach reatha COVID-19 cuí agus ceapann 84% de dhaoine go bhfuil oiriúnú maith déanta acu d’athruithe.

Léiríonn an taighde freisin go leanann an leibhéal de bhuairt phearsanta maidir le COVID-19 a bheith ard go fóill.

Nochtar sa suirbhé ar líne a rinne ionadaíocht don tír ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • Tá daoine chomh buartha céanna faoi shláinte an teaghlaigh agus chairde agus an gheilleagair - 3.8 as 5 (nuair is ionann 5 agus fíorbhuartha)
  • Níl daoine chomh buartha céanna faoina n-airgeadas pearsanta agus a sláinte phearsanta - 3.0 agus 2.9 as 5, faoi seach.
  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,102 bás.