English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 9 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 1,948 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 8 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 270 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 65,659* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir iad 143 díobh / mná iad 127 díobh
  • Tá 69% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 34 bliain an mheánaois
  • Tá 103 cás i mBaile Átha Cliath, 34 i Luimneach, 20 i nDún na nGall, 12 i gCorcaigh, 9 i gCiarraí, 9 i gCill Chainnigh agus tá an fuílleach 83 cás leata i measc 20 contae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 291 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 39 astu siúd san aonad dianchúraim.

Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 65,659 cás deimhnithe.

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 08 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Ainm an Chontae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 08SAM2020) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 26DF2020 go dtí an 08SAM2020)
Éire 270 161.0 7,665
Dún na nGall 20 275.8 439
Luimneach 34 213.4 416
An Mhí 8 212.8 415
Corcaigh 12 182.4 159
Baile Átha Cliath 103 173.7 2341
Maigh Eo 5 163.2 213
8 159.1 205
An Longfort <5 156.6 64
Ciarraí 9 155 229
An Cabhán <5 156.2 119
Laois <5 155.8 132
Sligeach <5 155.6 102
Ros Comáin 8 150.3 97
Ceatharlach <5 147.5 84
Muineachán <5 140.1 86
An Clár 6 138.9 165
Port Láirge <5 137.7 160
Cill Chainnigh 9 134 133
Gaillimh <5 125.9 325
Cill Dara <5 122.2 272
Uíbh Fhailí <5 118 92
Tiobraid Árann 8 115.9 185
Cill Mhantáin <5 82.9 118
Loch Garman <5 74.8 112
Liatroim <5 37.4 12