Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 13 Aibreán 2021
- Foilsithe: 13 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 18 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 7 mbás in Aibreán, 3 bhás i Márta, 3 bhás i bhFeabhra agus tharla 3 bhás in Eanáir. Tugadh le fios gur tharla 1 bhás roimh Eanáir. Tá imscrúdú á dhéanamh ar dháta an báis maidir le bás amháin.
Is é 85 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 46-102 bliain.
Tá 4,803 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Luain, an 12 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 358 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 241,684* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 241,684 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 163 díobh agus mná 192 díobh
- tá 73% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 31 bliain an mheánaois
- tá 166 cás i mBaile Átha Cliath, 39 i nDún na nGall, 16 i gCill Dara, 13 in Uíbh Fhailí, 12 sa Mhí, 12 i Luimneach agus tá an fuílleach 100 cás leata i measc 18 gcontae eile
Amhail 8am inniu, tá 205 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 48 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 11 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 11 Aibreán 2021, tugadh 1,063,666 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- tá a gcéad dáileog faighte ag 749,450 duine
- tá a dara dáileog faighte ag 314,216 duine
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- ráta na dteagmhas 7 lá 58.7 cás
- meán gluaisteach 5 lá 396 cás