English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 21 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 44 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu:

  • bhí 37 duine a fuair bás lonnaithe san oirthear, 2 san iarthar, 2 san iarthuaisceart agus 3 i ndeisceart na tíre
  • bhí 26 fear agus 18 mbean i measc na ndaoine a fuair bás
  • is é 87 bliain meánaois na ndaoine a tugadh le fios a fuair bás inniu
  • tugadh le fios go raibh bunriochtaí sláinte ar 33 duine

Deimhníodh i saotharlanna go bhfuil 730* duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 1pm Dé Máirt, an 21 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar na cásanna seo a leanas tugadh le fios i saotharlanna na hÉireann go bhfuil 388 cás nua breise deimhnithe de COVID-19 ann.

Tá 16,040 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Domhnaigh, an 19 Aibreán (15,464 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 56% díobh agus fir 43% díobh, agus tá 491 braisle ann ina bhfuil 3,447 cás
  • is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,323 cás (15%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 315 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 4,180 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (7,781 cás, 50% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (1,053 cás, nó 7%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 60%, is ionann teagmháil dhlúth agus 35%, is ionann taisteal thar lear agus 5%

Amhail meán oíche Dé Luain, an 20 Aibreán, rinneadh 111,584 tástáil. Le seachtain anuas, rinneadh 20,822 tástáil agus astu seo, bhí 4,025 dearfach, a bhronnann ráta dearfachta 19%.

Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé Máirt, an 21 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tugann anailís a rinneadh ar 15,186 cás le fios go bhfuil 8,377 (55%) duine tar éis athshlánú go hiomlán i ndiaidh COVID-19 a bheith orthu sa phobal, agus rinne 856 (6%) athshlánú agus scaoileadh ón ospidéal iad.

“Tá an t-ochtú seachtain druidte linn anois ó tugadh an chéad chás de COVID-19 le fios in Éirinn. Sa tréimhse sin ama, d’éirigh linn an víreas a chur faoi chois mar thír, inár bpobal. De réir mar a leanaimid ar aghaidh, caithfimid iarracht a dhéanamh chun ár ndaonraí leochaileacha a chosaint agus leanúint leis an dul chun cinn a dhéanamh atá déanta againn go dtí seo. Ní féidir linn bheith réchúiseach.”

Cuireann Deais Eolais COVID-19 na Roinne Sláinte an t-eolas is déanaí ar fáil ar chásanna.

CRÍOCH


Nótaí don eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS an tseachtain seo, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 730 bás.