Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 4 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,763 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Luain, an 3 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 45 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,253 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 35 díobh agus mná iad 10 díobh
- tá 77% díobh faoi 45 bliain d’aois
- baineann 31 cás le briseadh amach nó le daoine a dhéanann teagmháil dhlúth le cás deimhnithe
- sainaithníodh 4 chás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
- tá 33 cás suite i gCill Dara, 7 i mBaile Átha Cliath, agus tá 5 leata i measc ceithre chontae eile
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú