English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn 2 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 4 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.

Go dtí seo tá 2,252 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 1 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 3,394 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 96,926 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann i láthair na huaire in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Is fir iad1,619 / is mná iad 1,766
  • Tá 65% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Is í 35 an mheánaois
  • 389 i gCorcaigh, 355 i mBaile Átha Cliath, 339 i nDún na nGall, 258 i Lú, 233 i Maigh Eo agus tá na 1,820 cás eile scaipthe ar fud gach contae eile.

Amhail 2pm inniu, tá 607 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 56 san aonad dianchúraim. Tógadh 71 duine sa bhreis isteach san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte;

“Tá minicíocht an COVID-19 chomh ard, nó níos airde fiú, ná mar a bhí sí i Márta. Ní mór do gach duine é nó í féin a iompar amhail is dá mbeadh sé nó sí tógálach. Tá líon na ndaoine atá á gcur isteach san ospidéal ag druidim i dtreo na leibhéal a chonaiceamar san earrach. Ní mór do gach duine fanacht sa bhaile seachas má tá obair bhunriachtanach nó cúram á déanamh acu.

“Tá sé an-tábhachtach nach bhfágfaidh daoine leochaileacha agus seandaoine a dtithe seachas mura bhfuil neart acu air. Beidh sé riachtanach iarradh ar chomharsana nó baill den teaghlach teachtaireachtaí a dhéanamh duit, ar nós siopadóireacht, agus tá sé tábhachtach nach mbeidh teagmháil agat ach leo siúd lena bhfuil tú i do chónaí nó a thugann tú cuairt orthu as cúiseanna cúraim bunriachtanacha.

“Ní mór dúinn spiorad na dlúthpháirtíochta a athaimsiú, an spiorad a conaiceamar i Márta agus in Aibreán ionas gur féidir linn go léir ról a ghlacadh chun daoine leochaileachta agus seandaoine a chosaint.

“I measc na ndaoine atá thar a bheith soghabhálach i leith COVID-19, tá seanóirí agus daoine a bhfuil riocht sláinte acu cheana féin, lena n-áirítear galar cardashoithíoch, murtall, diaibéiteas galar riospráide ainsealach agus ailse.”

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Chlár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 duine den daoinra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche 01 Eanáir 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáirimh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meánoíche 01Ean2021) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 daonra (01Ean2021) Cásanna nua le 14 lá anuas (01Ean2021)
Éire 3,394 381.6 18,169
Muineachán 130 783.6 481
Dún na nGall 339 737.5 1,174
258 719.3 927
Luimneach 209 594.7 1,159
Sligeach 150 531.0 348
Maigh Eo 233 505.7 660
An Cabhán 92 468.7 357
Loch Garman 103 418.1 626
Cill Chainnigh 87 412.2 409
Ciarraí 98 383.9 567
Laois 104 381.4 323
Baile Átha Cliath 355 371.1 5,000
An Mhí 179 364.5 711
Corcaigh 389 351.3 1,907
Ros Comáin 68 328.5 212
Gaillimh 116 322.4 832
Ceatharlach 41 312.7 178
An Clár 65 298.8 355
Uíbh Fhailí 86 269.4 210
Longfort 39 264.2 108
Port Láirge 67 249.6 290
An Iarmhí 33 244.5 217
Cill Dara 47 238.6 531
Liatroim 29 230.9 74
Tiobraid Árann 59 176.7 282
Cill Mhantáin 18 162.2 231

Nóta don Eagarthóir

Áirítear an tábla thíos chun tástálacha deimhnithe agus cásanna deimhnithe araon a thaispeáint sa tréimhse 14-lá is deireanaí. Is gnách go mbíonn comhghaol idir líon na gcásanna deimhnithe ar lá amháin agus líon na dtástálacha deimhnithe an lá roimhe sin nuair a chuirtear san áireamh bailíochtú agus nuair a bhaintear dúblaigh amach.

A luaithe is a gheobhfar réiteach ar an moill atá ann le laethanta beaga anuas, ní thuairisceoimid a thuilleadh torthaí na dtástálacha saotharlainne.

Tuairisciú sa tréimhse 14-lá is deireanaí (20/12/2020-02/01/2021)

Dáta Tuairiscithe Cásanna Deimhnithe Tuairiscithe Tástálacha próiseáilte Tástálacha deimhneacha aimsithe Ráta deimhneachta
19/12/2020 - 13,458 746 5.5%
20/12/2020 760 12,804 757 5.9%
21/12/2020 726 13,216 698 5.3%
22/12/2020 968 20,660 1,077 5.2%
23/12/2020 939 22,884 1,269 5.5%
24/12/2020 922 21,416 1,643 7.7%
25/12/2020 1,019 11,999 1,207 10.1%
26/12/2020 1,293 3,536 343 9.7%
27/12/2020 744 9,405 1,178 12.5%
28/12/2020 764 13,805 2,007 14.5%
29/12/2020 1,546 17,484 2,867 16.4%
30/12/2020 1,720 26,312 4,371 16.6%
31/12/2020 1,620 27,049 5,586 20.7%
01/01/2021 1,754 20,586 4,502 21.9%
02/01/2021 3,394 - - -

NÓTA:

Is é ráta na dteagmhas 7 lá ná 242.4.

Is é an meán gluaisteach ná 2,007.

GRÚPAÍ ATÁ THAR A BHEITH LEOCHAILEACH I LEITH COVID-19

Grúpaí Sainmhíniú
Seandaoine: Daoine atá ≥ 70 bliain d’aois.
Daoine a bhfuil ailse faoi leith orthu: Daoine a bhfuil ailse orthu agus a bhfuil ag fáil ceimiteiripe ghníomhach nó cóireáil radateiripe radacach don ailse scamhóg.

Daoine a bhfuil ailse fola nó smeara orthu, mar an leoicéime, liomfóma nó mialóma agus atá i gcéim ar bith den chóireáil.

Daoine a bhfuil cóireáil imdhíon-teiripe á fháil acu nó cóireáil antasubstainte eile le haghaidh ailse.

Daoine a bhfuil sprioc-chóireáil ailse eile á fháil acu a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcóras imdhíonachta, ar nós coscairí kinase próitéine nó coscairí PARP.

Daoine a bhfuil trasphlandú smeara nó gaschille faighte acu le 6 mhí anuas, nó atá fós ag tógáil drugaí imdhíon-sochtacha.|

Daoine a bhfuil riocht riospráide trom acu: fiobróis chisteach, asma trom,

fiobróis scamhóige / galar scamhóige scáineach agus galar scamhóige toirmeascach ainsealach trom.|

Daoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus earráidí meitibileachte ó bhroinn acu a chiallaíonn go bhfuil riosca ard ann ionfhabhtuithe a tholgadh: (ar nós Comheaspa Imdhíonachta Throm, ainéime chorráncheallach homaisigeachsc).
Daoine atá ag fáil teiripí imdhíon-sochtacha ag leibhéal atá ard go leor chun an riosca ionfhabhtaithe a ardú go suntasach.
Mná atá ag iompar clainne agus a bhfuil galar croí trom orthu, pé acu ó bhroinn nó tolgtha.
Daoine a bhfuil Trasphlandú Orgáin faighte acu.
Murtall
  • Má tá amhras ar bith ort maidir le do leochaileacht féin, labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an tSeirbhís Sláinte Ceirde.

Tá treoir mhionsonraithe le fáil do sheanóirí agus do ghrúpaí leochaileacha anseo