Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 15 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 15 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2020
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,774 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 14 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 200 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 27,191* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 103 díobh / mná iad 96 díobh
- tá 68% díobh faoi 45 bliain d’aois
- deimhníodh go mbaineann 68 cás le briseadh amach nó le teagmháil dhlúth le cás deimhnithe
- sainaithníodh 25 chás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
- tá 56 cás i mBaile Átha Cliath, 81 i gCill Dara, 13 i dTiobraid Árann, 8 i Luimneach, 6 i Laois, 6 i nGaillimh, 5 i gCill Chainnigh, 5 sa Mhí agus tá an fuílleach 20 cás i gCeatharlach, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Lú, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Port Láirge agus Cill Mhantáin
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
"Seo an méid is mó cásanna in aon lá amháin ó thús mhí na Bealtaine. Tá braislí iolracha ann anois agus tá an galar á scaipeadh go tánaisteach agus tá líonta cásanna ag dul i méid in go leor codanna den tír. Ábhar an-mhór buartha é seo. Déanfaidh an FÉSPN monatóireacht fhíordhlúth air seo sna laethanta amach romhainn.
"Tá an víreas seo fós ann agus níl sé bailithe. Déanann COVID-19 teacht i dtír ar réchúis agus níl sé ach ag feitheamh leis an deis chun scaipeadh. Iarraim ar gach duine, go háirithe iad siúd atá 70 bliain d’aois nó níos sine nó atá leochaileach i dtaobh cúrsaí leighis de, chun teorainn a chur ar na daoine a ndéanann tú teagmháil leo, fad a choimeád amach ó dhaoine eile agus aire bhreise a thabhairt chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh ceithre chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 27,191 bás.
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú