English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 18 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 18 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 41 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu:

  • bhí 35 duine a fuair bás lonnaithe san oirthear, 2 san iarthar agus 4 i ndeisceart na tíre
  • bhí 23 fear agus 18 bean i measc na ndaoine a fuair bás
  • is é 83 bliain meánaois na ndaoine a tugadh le fios a fuair bás inniu
  • tugadh le fios go raibh bunriochtaí sláinte ar 35 duine

Tá 571 duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19. Léirítear an méid seo a leanas in achoimre ar gach ceann de na 571 bás a sholáthair an IFCS:

  • fir 326 (57%) díobh siúd a fuair bás, mná 245 (43%) díobh
  • is é an raon aoise 23-105 bliain
  • is é 83 bliain meánaois na ndaoine a fuair bás
  • tugadh 330 de na cásanna seo go dtí an t-ospidéal agus tugadh 46 díobh go dtí an tAonad Dianchúraim

Amhail 11.15am Dé Sathairn, an 18 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas na cásanna seo a leanas:

  • tugadh le fios i saotharlanna na hÉireann go bhfuil 630 cás nua breise deimhnithe de COVID-19 ann
  • tugadh le fios i saotharlann sa Ghearmáin go bhfuil 148 cás deimhnithe breise de COVID-19 ann

Nuair a chuirtear na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 14,758 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Déardaoin, an 16 Aibreán (13,746 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • fir 44% díobh agus mná 55% díobh, agus tá 454 braisle ann ina bhfuil 2,964 cás
  • is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,168 cás (16%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 296 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 3,573 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (6,934 cás, 50% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (979 cás, nó 7%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 52%, is ionann teagmháil dhlúth agus 43%, is ionann taisteal thar lear agus 5%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Leag an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta an bhéim an tseachtain seo ar an tábhacht a bhaineann le tástáil chun cur isteach ar COVID-19 a tharchur i suíomhanna cónaithe pobail, tithe altranais san áireamh.

“Leanaimid lenár n-aird a dhíriú ar an earnáil seo agus leanfaimid le monatóireacht a dhéanamh orthu agus tacú leo tríd an mbriseadh amach seo.”

CRÍOCH