English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 19 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 21 Nollaig 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 2,154 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 18 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 527 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 78,776* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 78,776 cás.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 271 díobh agus mná 255 díobh
  • tá 65% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 37 bliain an mheánaois
  • tá 191 cás i mBaile Átha Cliath, 54 i gCorcaigh, 44 i nDún na nGall, 32 i Loch Garman, 27 i gCill Chainnigh agus tá an fuílleach 179 cás leata i measc 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 207 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 28 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Leanann na figiúirí a thugaimid faoi deara i measc na bpríomhtháscairí go léir maidir le tromchúise ghalair a bheith ina gcúis mhór bhuartha seasmhaí leanúnaí. Fad a dhruideann seachtain eile linn ina gcasfaidh daoine ó theaghlaigh agus glúin éagsúil lena chéile, iarraimid ort cuimhneamh chun gníomhú go freagrach. Cuir tús leis sin a dhéanamh an deireadh seachtaine seo. Níl sé riamh ró-dhéanach do chuid teagmhálaithe a laghdú, pleananna a chur ar ceal, nó slua a sheachaint.

"Cuimhnigh go bhféadfá féin a galar a scaipeadh agus go bhféadfadh an galar baolach seo teacht ar dhaoine muinteartha dá bharr. Cuir stop le slabhra an tarchuir sin anois – cuir teorainn ar do ghluaiseachtaí inniu."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH