English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 20 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Márta 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 9 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 7 de na básanna seo i Márta agus 2 bhás i bhFeabhra.

Is é 76 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 64 agus 95 bliain.

Tá 4,585 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 19 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 525 cás deimhnithe COVID-19. Tá 229,831 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 255 díobh / mná 265 díobh
  • Tá 68% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 34 bliain an mheánaois
  • Tá 266 cás i mBaile Átha Cliath, 33 sa Mhí, 29 i Loch Garman, 25 in Uíbh Fhailí, 24 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 148 cás leata i measc 19 gcontae eile. *

Amhail 8am inniu, tá 328 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 27 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 17 Márta, tugadh 639,586 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 468,328 duine
  • Tá a dara dáileog faighte ag 171,258 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.

Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 19 Márta 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 19Már2021) Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 19Már2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 19Már2021)
Éire 525 503 150.2 7152
Uíbh Fhailí 25 17 388.7 303
An Longfort 7 7 276.5 113
Cill Dara 17 31 237.7 529
Baile Átha Cliath 266 226 224 3018
An Mhí 33 28 210.7 411
Dún na nGall 24 20 177.8 283
Ceatharlach <5 6 154.6 88
13 12 142 183
Tiobraid Árann 13 16 134.1 214
Ros Comáin 9 7 133.2 86
Gaillimh 22 25 132.1 341
Port Láirge 12 12 123.9 144
An Iarmhí <5 9 123.9 110
Loch Garman 29 17 118.2 177
Luimneach <5 9 116.5 227
Cill Mhantáin 8 10 103.2 147
Sligeach <5 4 90 59
Laois 5 7 83.8 71
An Cabhán 5 8 80.1 61
Maigh Eo <5 3 77.4 101
Muineachán <5 2 73.3 45
Ciarraí 0 6 56.9 84
An Clár <5 5 53.9 64
Corcaigh 21 14 45.7 248
Liatroim 0 1 34.3 11
Cill Chainnigh <5 3 34.3 34

~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.

  • Ráta na dteagmhas 7 lá 72.9 cás
  • Is é an meán gluaisteach 5 lá 503 cás