English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 21 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 4 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 2,022 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 20 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 344 cás deimhnithe COVID-19. Tá 70,143* cás deimhnithe COVID-19, ar an iomlán, ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 70,143 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 156 díobh agus mná 185 díobh
  • tá 69% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 32 bliain an mheánaois
  • tá 127 cás i mBaile Átha Cliath, 46 i gCorcaigh, 26 i Lú, 22 i nDún na nGall, 20 i Luimneach agus tá an fuílleach 103 cás leata i measc 20 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 269 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 32 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH