English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 24 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 4,872 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 23 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 461 cás deimhnithe de COVID-19.

Tá 264,204 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 235 díobh agus mná 224 díobh
  • tá 75% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 28 bliain an mheánaois

Amhail 8am inniu, tá 162 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 46 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 9 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 22 Aibreán 2021, tugadh 1,317,165 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • tá a gcéad dáileog faighte ag 934,980 duine
  • tá a dara dáileog faighte ag 382,185 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • Meán gluaisteach 5 lá 460 cás.