Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair 2020
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 5 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 1,913 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 416 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 61,456* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 19 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 61,456 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 186 díobh agus mná iad 230 díobh
- tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 34 bliain an mheánaois
- tá 87 cás i mBaile Átha Cliath, 62 i gCorcaigh, 41 i Maigh Eo, 37 i nGaillimh agus tá an fuílleach 189 cás leata i measc 20 contae eile
Amhail 2pm inniu, tá 320 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 19 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá dul chun cinn á dhéanamh againn chun an borradh atá ag teacht ar COVID-19 faoi láthair a shrianadh. Tá Éire i measc ach ceithre thír san AE faoi láthair san AE ina bhfuil laghdú ag teacht ar fhorleithne 7 lá an víris. Tá laghdaithe tagtha go náisiúnta ar ár n-uimhir atáirgthe go dtí thart ar 1.0.
"Táimid ag oibriú as lámh a chéile chun an víreas a chur faoi chois, ach tá sé róluath lenár gcuid iarrachtaí a mhaolú. Tá laghdú ag teacht ar fhorleithne i measc daoine fásta óga ach leanann cásanna an víris ag dul i méid i measc daoine níos sine ná 75 bliain d’aois. Tá níos mó le déanamh againn ach táimid ar an mbóthar ceart."
CRÍOCH