English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 13 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2020

Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.

Tá 1,774 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 12 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 92 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,929 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir iad 43 díobh / mná iad 48 díobh
  • tá 72% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • deimhníodh go mbaineann 43 cás le briseadh amach nó le teagmháil dhlúth le cás deimhnithe
  • sainaithníodh 12 chás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
  • tá 24 cás i mBaile Átha Cliath, 24 i gCill Dara, 8 i Luimneach, 6 i gCeatharlach, 6 i gCill Chainnigh, 5 sa Mhí, 5 sa Chlár, agus tá an fuílleach 14 chás are i gCorcaigh, Dún na nGall, Ciarraí, Laois, Lú, Muineachán, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus Cill Mhantáin

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

"Bhí súil againn leis go rachadh na figiúirí laethúla a thabharfaimis le fios an tseachtain seo i méid agus i laghad.

"Tá monatóireacht dhlúth á déanamh ag an FÉSPN ar gach treocht, patrún agus athrú ar na sonraí, ní hamháin líonta cásanna san áireamh, ach láithreacha, aoisghrúpaí, agus foinsí tarchuir.

"Iarraimid orthu siúd i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí chun an fód a sheasamh agus leanúint orthu agus cloí leis na bearta a tugadh isteach an deireadh seachtaine seo caite.

"Faoi mar a léiríonn figiúirí an lae inniu, tá cásanna ag teacht aníos i roinnt contaetha eile timpeall na tíre. Baineann cur chuige aontaithe, tíre iomláine leis seo go fóill. Is é an t-aon bhealach is féidir linn COVID-19 a chur faoi chois ar fud na hÉireann go héifeachtach san fhadtéarma ná má ghníomhaímid le chéile chun a chéile a chosaint.

"Bhí sé dúshlánach, gan amhras, maireachtáil agus COVID-19 inár measc agus d’imir an phaindéim seo drochthionchar ar dhaoine ar go leor bealaí éagsúla. Is eol dúinn nach bhfuil na rudaí a iarrann an chomhairle sláinte poiblí ort a dhéanamh éasca, ach táimid ag iarraidh ort chun coinneáil ort.

"Gearrann gníomhartha aonair slabhraí tarchuir an víris seo. Seachain áiteanna plódaithe, cuir teorainn ar do theagmhálaithe sóisialta, oibrigh ón mbaile, sa chás gur féidir, ná freastail ar chóisirí tí, coimeád fad 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, nigh do lámha agus caith clúdach aghaidhe - baineann fiúntas leis an iompar sábháilte go léir seo, agus déanann siad difear suntasach i dteannta a chéile."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: