English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 16 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 43 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu:

  • bhí 34 duine a fuair bás lonnaithe san oirthear, 4 san iarthar agus 5 i ndeisceart na tíre
  • bhí 22 fear agus 21 bean i measc na ndaoine a fuair bás
  • is é 84 bliain meánaois na ndaoine a tugadh le fios a fuair bás inniu
  • tugadh le fios go raibh bunriochtaí sláinte ar 27 duine

Tá 486* duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 1pm Dé Céadaoin, an 15 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas na cásanna seo a leanas:

  • tugadh le fios i saotharlanna na hÉireann go bhfuil 629 cás nua breise deimhnithe de COVID-19 ann
  • tugadh le fios i saotharlann sa Ghearmáin go bhfuil 95 cás deimhnithe breise de COVID-19 ann

Nuair a chuirtear na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 13,271 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 14 Aibreán (12,425 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 55% díobh agus fir 45% díobh, agus tá 425 braisle ann ina bhfuil 2,451 cás
  • is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,026 cás (16%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 284 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 3,090 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (6,337 cás, 51% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (916 cás, nó 7%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 51%, is ionann teagmháil dhlúth agus 43%, is ionann taisteal thar lear agus 6%

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET:

"Tá ceithre uimhir atáirgthe á dtaispeáint ag ár samhail inniu, a léiríonn na céimeanna éagsúla den ghalar in Éirinn le 6 seachtaine anuas.

"Measaimid anois go bhfuil ár R0 idir 0.7 agus 1.0, a chiallaíonn go bhfuil ag éirí leis na srianta reatha chun an galar a chur faoi chois."

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Taispeántar go soiléir sna sonraí go bhfuil dhá eispéireas an-éagsúla de COVID-19 in Éirinn inniu ann. Tá smacht ar an víreas agus tá sé curtha faoi chois go héifeachtach sa daonra i gcoitinne.

“Leanann an galar atá i suíomhanna cúram cónaithe fadtéarmach a bheith ina ábhar buartha, áfach.

“Chun daoine leochaileacha a chosaint, ba é an chéad tasc ná chun an víreas a chur faoi chois sa daonra i gcoitinne ar dtús. Tá níos mó muiníne againn go bhfuil é sin á bhaint amach againn. Ní mór dúinn ár n-iarrachtaí go léir a dhíriú anois ar COVID-19 a ruaigeadh ó na suíomhanna cónaithe atá inár bpobal agus inár dtithe altranais."

Cuireann Deais Eolais COVID-19 na Roinne Sláinte an t-eolas is déanaí ar fáil ar chásanna.

CRÍOCH


Nótaí don eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinneadh ag an IFCS an tseachtain seo, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 486 bás.

Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go ndeir 28% den daonra go raibh moill orthu cúram leighis a lorg le mí anuas.

Nochtar sa suirbhé ar líne a rinne ionadaíocht don tír ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:

  • is dóchúla i bhfad go raibh moill ar mhná i gcomparáid le fir chun aird leighis a lorg (34% in aghaidh 21%)
  • is é eagla faoi ionfhabhtú féideartha an phríomhchúis a bhí leis an moill ar aird leighis a lorg, go háirithe i gcás ban (59%) agus daoine faoi 35 bliain d’aois (63%)
  • leanann an céatadán daoine a bhfuil iompar sábháilte ar bun acu ag dul in airde i gcás iompair ar nós lámha a ní (94%), díghalarán a úsáid (92%) agus casacht isteach san uillinn (77%)