Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 5 Samhain 2020
- Foilsithe: 5 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Samhain 2020
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 3 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 1,933 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 4 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 591 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 64,046* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Fir iad 280 díobh / mná iad 310 díobh
- Tá 59% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 38 bliain an mheánaois
- Tá 120 cás i mBaile Átha Cliath, 75 i nDún na nGall, 50 i gCorcaigh, 46 i gCiarraí, 44 i Luimneach agus tá an fuílleach 256 cás leata i measc 20 contae eile.
Amhail 2pm inniu, tá 302 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 20 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá an dara borradh ag teacht faoin víreas ar fud na hEorpa. Is iad Éire agus an Fhionlainn an t-aon dá thír Eorpacha san AE inar tugadh laghduithe ar an bhforleithne 14 lá faoi deara. Tá an fhorleithne ag dul in airde i ngach tír eile.
“D’éirigh le hiarrachtaí Leibhéal 5 le coicís anuas chun tarchur pobail agus forleithne an ghalair in Éirinn a laghdú níos mó, ach níor cheart a bheith réchúiseach anois, áfach. Ní foláir dúinn leanúint leis an ngalar seo a laghdú - caithfimid leanúint orainn.
“Tá laghdú suntasach bainte amach san aoisghrúpa idir 19 agus 24 bliain d’aois ar fhorleithne, anuas ó 450 cás in aghaidh gach 100,000 duine go dtí 150 cás in aghaidh gach 100,000 duine laistigh de dhá sheachtain. Ina theannta sin, d’éirigh leo an méid daoine a ndearna siad teagmháil leo le 5 seachtaine anuas a laghdú faoi dhó. Tá orainn go léir na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag ár ndaoine óga a aithint agus gabhaim buíochas leo.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
“Measaimid go bhfuil an uimhir atáirgthe idir 0.7 agus 0.9. Léiríonn seo ár gcomhiarracht chun stop a chur le scaipeadh an víris agus dea-nuacht amach agus amach atá ann. B’fhéidir go bhfuil ag éirí níos fearr linn anois ach braitheann sé ar cibé acu an leanaimid nó nach leanaimid leis. Má leanaimid leis seo a úsáid chun an t-ionfhabhtú a laghdú anuas go híseal, beidh pointe maith bainte amach againn faoi cheann ceithre seachtaine.”
Dúirt an Dr Vida Hamilton, an Comhairleoir agus an Grúpa Cliniciúil Náisiúnta, Ospidéil Ghéarmhíochaine, FSS:
“Cé gurb éagsúil an borradh seo ón déimeagrafach aoise a bhí ag cásanna ón gcéad bhorradh thiar i Márta, rinne iontrálacha san aonad dianchúraim difear do dhaoine ó gach aoisghrúpa, agus is é an meánfhad a fhanann daoine san aonad dianchúraim 17.8 lá. D’fhéadfadh daoine ar gach aois a bheith leochaileach do chomharthaí níos measa an ghalair seo.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 28 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 64,046 cás deimhnithe.
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 04 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche AN04SAM2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (AN22D.F. go dtí AN 04SAM2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (AN22D.F. go dtí AN 04SAM2020) |
ÉIRE | 591 | 202.1 | 9,625 |
Dún na nGall | 75 | 300.3 | 478 |
An Cabhán | <5 | 294.1 | 224 |
An Mhí | 35 | 291.7 | 569 |
Sligeach | 12 | 256.4 | 168 |
An Iarmhí | 12 | 253.5 | 225 |
Corcaigh | 50 | 235.0 | 1,276 |
Luimneach | 44 | 229.9 | 448 |
Ceatharlach | 7 | 217.8 | 124 |
Gaillimh | 22 | 211.6 | 546 |
Baile Átha Cliath | 120 | 201.5 | 2,715 |
Ros Comáin | <5 | 198.3 | 128 |
An Longfort | 7 | 198.2 | 81 |
Ciarraí | 46 | 194.3 | 287 |
Lú | 13 | 193.2 | 249 |
Port Láirge | 17 | 188.5 | 219 |
An Clár | 14 | 182.6 | 217 |
Maigh Eo | 17 | 181.6 | 237 |
Muineachán | <5 | 177.6 | 109 |
Cill Dara | 20 | 176.6 | 393 |
Laois | 7 | 167.7 | 142 |
Cill Chainnigh | 12 | 134.0 | 133 |
Tiobraid Árann | 13 | 132.2 | 211 |
Loch Garman | 21 | 125.6 | 188 |
Uíbh Fhailí | <5 | 112.9 | 88 |
Cill Mhantáin | 14 | 106.7 | 152 |
Liatroim | <5 | 56.2 | 18 |