English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 7 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 29 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,403* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Déardaoin, an 7 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 137 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 22,385 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 5 Bealtaine (22,186 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 57% díobh agus fir 43% díobh
  • is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,891 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 376 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 6,498 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (10,840 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,302 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,197 cás, nó 5%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 62%, is ionann teagmháil dhlúth agus 35%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Is ionann an uimhir atáirgthe agus idir 0.5-0.6. D’éirigh linn ár sprioc a bhaint amach lena mbaineann an galar a chur faoi chois, níorbh éasca é ar dhuine ar bith ach níl aon amhras ann ach go bhfuil ár gcomhiarracht i ndiaidh saol daoine a choimeád slán.

"Táimid anois chun staidéar a dhéanamh ar phatrún COVID-19 as seo amach, fad a dhéanaimid iarracht chun srianta a laghdú. Tá na seachtainí seo chomh tábhachtach céanna leis na chéad seachtainí dár bhfreagairt. Baineann ríthábhacht lenár n-iompar chun leanúint lenár ndul chun cinn agus chun an uimhir atáirgthe a choimeád faoi 1."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:

"Tá an líon daoine a thugtar isteach san Aonad Dianchúraim, an líon cásanna nua agus an líon básanna ag ísliú anois, agus tá an t-ísliú seo ag teacht orthu le breis agus seachtain anuas. Is laghdú ar tharchur an víris sa phobal is cúis leis seo agus léiríonn seo tábhacht ár n-iompair as seo amach."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,403 bás.