English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Domhnach 9 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua do Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Anois tá iomlán de 1,772 bás bainteach le COVID-19 in Éirinn.

Ó mheán oíche Satharn 8ú Lúnasa, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 68 cás deimhnithe de COVID-19. Anois tá iomlán de 26,712 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 37 acu / Is mná iad 31 acu
  • tá 82% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 41 le ráigeanna nó go bhfuil siad i ndlúththeagmháil le cás deimhnithe
  • tá 2 cás aitheanta mar tharchur pobail
  • tá 19 cás lonnaithe i gCill Dara, 17 i mBaile Átha Cliath, 15 in Uíbh Fhailí, 12 i Laois agus 5 i nDún na Gall

Tá an FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun leathadh breise a sheachaint.

Soláthraíonn Deais COVID-19 eolas cothrom le dáta faoi phríomhthascairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dochtúir Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis an Roinn Sláinte:

"Leanaimid orainn ag féachaint ar chásanna atá nasctha leis na ráigeanna i gcontaetha inar tugadh beartais breise sláinte poiblí isteach. Bhíothas ag súil leis seo agus leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta go dlúth.

"Ó amárach beidh clúdaigh aghaidhe éigeantach i miondóla agus i suíomhanna eile laistigh ar nós gruaigairí, pictiúrlanna agus iarsmalanna. Tá a fhios againn go bhfuil an chuid is mó de dhaoine ag caitheamh clúdaigh aghaidhe cheana féin agus tá súil againn go ndéanfaidh níos mó daoine fós amhlaidh sna laethanta atá amach romhainn.

"Arís agus arís eile léirigh daoine a dtoilteanas treoir sláinte poiblí a leanúint ar mhaithe lena chéile a chosaint ón ngalar seo. Is slí amháin eile é clúdach aghaidhe a chaitheamh inar féidir le daoine a ndlúthpháirtíocht lena chéile a léiriú agus muid ag iarraidh scaipeadh COVID-19 a chosc.”

  • CRÍOCH**

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: