English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 1 Márta 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2020

Mar thoradh ar an Rianú Teagmhála a rinneadh ar an gcás deimhnithe de Covid-19 in Oirthear na hÉireann, sainaithníodh meánscoil agus chuathas i dteagmháil léi. Tugadh fógra don phríomhoide, do na baill foirne agus do thuismitheoirí le daltaí sa scoil faoin gcás.

Tar éis measúnú riosca a dhéanamh, táthar ag caitheamh leis na daltaí agus na múinteoirí uile mar dhaoine a raibh an cás deimhnithe i ndlúth-theagmháil leo.

Beidh an scoil dúnta ar feadh na tréimhse goir ar fad, is é sin, 14 lá.

Táthar ag iarraidh ar na daltaí agus na múinteoirí uile srian a chur lena ngluaiseachtaí go dtí deireadh na tréimhse goir agus gheobhaidh siad treoir maidir le cad is ciall le ‘gluaiseachtaí srianta’.

Coinneoidh dochtúirí sláinte poiblí súil ghéar ar na daltaí agus na múinteoirí uile ar bhonn laethúil thar na 14 lá atá le teacht.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

“Thángthas ar an gconclúid sa rianú teagmhála go bhfuil na daltaí agus na múinteoirí i meánscoil ar leith i measc na ndaoine a raibh an t-othar seo i ndlúth-theagmháil leo. Tá dochtúirí sláinte poiblí i dteagmháil dhíreach leis na daltaí, na tuismitheoirí agus na baill foirne lena mbaineann.

“Ba cheart rúndacht othair a urramú sa chás seo agus i ngach cás eile. Tabharfaidh an Roinn Sláinte an t-eolas is deireanaí de réir mar is gá.”

Dúirt an Roinn Oideachais

"Tá an Roinn Oideachais ar fáil chun cabhrú leis an scoil ar aon bhealach is gá. Bíonn an Roinn Oideachais agus an Roinn Sláinte i dteagmháil rialta lena chéile. Ba ar fhoras sláinte poiblí a cinneadh an scoil lena mbaineann a dhúnadh tar éis teacht ar an gconclúid sa mheasúnú riosca gur ghá déanamh amhlaidh. Coinneofar gach scoil eile ar oscailt. Leanfaidh na Ranna leis na scoileanna uile a choinneáil ar an eolas faoin tsaincheist seo.”

Leatar Covid-19 trí dhlúth-theagmháil leis na sreabháin choirp ó dhuine ionfhabhtaithe (e.g. braonáin ó chasacht nó sraoth a dhéanamh) nó trí dhromchlaí a ndearna duine ionfhabhtaithe casacht nó sraoth orthu a thadhall.

Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.

  • aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta
  • aon duine a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe Covid-19 sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach
  • aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (an tSín, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil an tsláinte aige/aici, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie chun comhairle a fháil.

Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.

Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:

  • casacht
  • giorra anála
  • deacrachtaí análaithe
  • fiabhras (ardteocht)

Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • niúmóine
  • giorra anála
  • deacrachtaí análaithe
  • fiabhras (ardteocht)

Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):

nigh do lámha i gceart agus go rialta

cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth

Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:

  • tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
  • tar éis duit an leithreas a úsáid
  • sula n-íosfaidh tú
  • sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach

CRÍOCH