English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí -

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 9 nduine de thoradh COVID-19.

Tá 1,678* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé hAoine, an 5 Meitheamh, bhí 24 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,183** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Déardaoin, an 4 Meitheamh (25,159 cás):

  • Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
  • Is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • Tá 3,319 cás (13%) curtha san ospidéal
  • As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 410 cás san aonad dianchúraim
  • Baineann 8,059 cás le hoibrithe cúraim sláinte
  • Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,127 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,528 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,423 cás (6%)
  • Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 39%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 59%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%

CRÍOCH

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 bhás a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,678 bás.

**Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 4 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 25,183 bás.