Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí 23 Feabhra 2020
- Foilsithe: 23 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2020
Ag teacht sna sála ar an méadú i gcásanna COVID-19 san Iodáil, thug an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí faoi deara inniu go measann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú anois gur idir measartha agus ard atá an baol go dtiocfaidh braislí cásanna den chineál céanna chun cinn i dtíortha eile den Aontas Eorpach.
Ina fhianaise sin, tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu, Dé Domhnaigh an 23 Feabhra, agus tiocfaidh sí le chéile arís Dé Máirt an 25 Feabhra, chun faireachán a dhéanamh ar an staid san Eoraip agus ar fud an domhain agus chun na pleananna ullmhachta atá i bhfeidhm d’Éirinn a chur ar aghaidh.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Dé Domhnaigh an 23 Feabhra, dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Tá Éire ag obair ar a hullmhacht do COVID-19 (Coróinvíreas) ó mhí Eanáir amach. Táimid fós i gcéim an tsrianta agus ní raibh aon chásanna deimhnithe ann i leith COVID-19 anseo go fóill.
“Is léir go bhfuil an staid idirnáisiúnta ag athrú, áfach. Oibreoimid i gcomhar lenár gcuid comhghleacaithe sa Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte thar na laethanta atá romhainn chun measúnú iomlán a dhéanamh ar impleachtaí na n-athruithe sin agus chun iad sin a chur san áireamh sa chur chuige atá ar bun againn in Éirinn.
“Is gan athrú atá an chomhairle sláinte poiblí uainn - moltar do dhaoine teagmháil a dhéanamh le FSS Beo i gcás go bhfuil seans ann go raibh siad i dteagmháil le duine ar a bhfuil COVID-19 nó le duine a d’fhill ar ais ó mhórthír na Síne le 14 lá anuas. Má tá siad breoite agus casacht orthu, go háirithe de dheasca siomptóim riospráide (e.g. casacht, ardteocht, giorra anála, deacracht análaithe, fiabhras), ba cheart dóibh iad féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach."
Leanfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí lena cuid cinntí a bhunú ar na measúnuithe a dhéanfaidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú thar na laethanta atá romhainn.
Moltar do dhaoine den phobal iad féin a chur ar an eolas faoi na bearta um chosc a n-eisíonn FSS iad agus súil a choinneáil ar gov.ie/health chun an t-eolas is deireanaí a fháil gach lá.
CRÍOCH
Nóta don Eagarthóir
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim COVID-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Is féidir le COVID-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- niúmóine
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar COVID-19 (Coróinvíreas):
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
- má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
- má tá do lámha salach
- má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí