English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh 1,110* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 89 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 21 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Cuireadh beagnach 7,700 cás de COVID-19 in iúl le seacht lá anuas, méadú 88% ar an tseachtain roimhe sin.

“Tá rátaí minicíochta méadaithe i ngach contae le seacht lá anuas. Is iad na contaetha leis na rátaí minicíochta 14 lá is airde ná Dún na nGall (725/100,000 daonra), Lú (474/100,000 daonra), Baile Átha Cliath (307/100,000 daonra), Luimneach (258/100,000) agus Gaillimh (257/100,000).

“Le linn na haimsire breátha seo, tá a fhios againn go bhfuil formhór mór na ndaoine ag leanúint orthu á gcosaint féin agus daoine eile tríd an gcomhairle sláinte poiblí a leanúint. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach agus muid ag iarraidh an oiread daoine agus is féidir a chosaint trí vacsaíniú sna seachtainí amach romhainn.

"Mar a dúirt muid ó cuireadh tús leis an gclár vacsaíne, tá vacsaíní COVID-19 thar a bheith éifeachtach chun riosca aonair gach duine a laghdú. Is iad vacsaíní in éineacht leis an gcroíchomhairle sláinte poiblí ár mbealach amach ón bpaindéim seo - bain leas as an deis cosaint a fháil trí vacsaíniú nuair a thairgtear duit é."

(*D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.)