Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 7 Feabhra 2020
- Foilsithe: 7 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2020
Tástáladh 15 cinn de chásanna amhrasta Coróinvíris (2019-nCoV) in Éirinn.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Bunaithe ar an méadú ar an líon cásanna atá ag teacht chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta, tá seans ann go dtiocfaidh cás deimhnithe Coróinvíris (2019-nCoV) chun cinn in Éirinn. Tá Pleananna cuimsitheacha Sláinte Poiblí agus Éigeandála Poiblí i bhfeidhm ag Éirinn agus beidh sí ullamh d’aon chás deimhnithe a thiocfaidh chun cinn.”
Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach um Choróinvíreas, ar foghrúpa de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí é:
“Ní fhacamar aon tarchur marthanach duine le duine in aon tír seachas an tSín agus is táscaire dearfach é sin ar na bearta um shrianadh atá i bhfeidhm. Leanfaimid le faireachán a dhéanamh ar leathadh agus éabhlóid an víris, toisc go bhfuil cuid mhór le foghlaim againn go fóill, agus cuirfimid comhairle ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí dá réir.”
Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin.
Dúirt an Dr Vida Hamilton, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Treoraí Grúpa d’Ospidéil Ghéarmhíochaine i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS):
“Tá FSS ag obair le baill foirne túslíne inár seirbhís sláinte le seachtainí beaga anuas chun freagairt do Choróinvíreas (2019-nCoV). Seachadadh 3,000 paca cosanta pearsanta chuig lia-chleachtóirí ginearálta agus clinicí ar fud na tíre agus gheobhaidh siad iad sin sna laethanta atá romhainn. Tá coistí ildisciplíneacha ullmhachta do Choróinvíreas (2019-nCoV) i bhfeidhm ag gach ospidéal géarmhíochaine chun maoirseacht a dhéanamh ar algartaim agus gníomhartha an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte.”
Chuir na seirbhísí cúraim chriticiúil treoir bainistíochta le chéile le haghaidh cúram a thabhairt d’aon othair ar a bhfuil Coróinvíreas (2019-nCoV) agus óna dteastaíonn a gcuid seirbhísí agus tá ról gníomhach á imirt ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr i measúnú riosca a dhéanamh agus sa fhreagairt chomhordaithe do chásanna a aithint agus a shrianadh.
Is trí theagmháil agus braonáin a leatar Coróinvíreas (2019-nCoV). Mar sin, is é an bealach is fearr chun dea-shláinte a chothabháil ná cloí le dea-shláinteachas nuair atáthar ag déanamh casachta nó sraotha agus lámha a ní go rialta.
Moltar do dhaoine den phobal iad féin a chur ar an eolas faoi na bearta um chosc a n-eisíonn FSS iad agus súil a choinneáil ar an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun an t-eolas is deireanaí a fháil gach lá.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13:00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Choróinvíris le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- niúmóine
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Choróinvíreas:
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
- má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
- má tá do lámha salach
- má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí