English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 19 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 22 Meitheamh 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,714* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 18 Meitheamh, cuireadh 13 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,368 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Painéal COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Ní féidir róbhéim a chur ar an tábhacht a bhaineann le daoine a mbreithiúnas féin a chur i bhfeidhm agus freagracht phearsanta a ghlacadh chun iad féin agus daoine eile a chosaint ag an bpointe ríthábhachtach seo sa phaindéim.

“Níochán lámh, scaradh fisiceach, béasaíocht casachta/sraotha, clúdaigh aghaidhe agus siomptóim COVID-19 a bheith ar eolas agat - agus cad ba cheart a dhéanamh láithreach nuair a bhíonn siomptóim ort - sin mar is féidir le gach duine iad féin a réiteach le maireachtáil go sábháilte de réir mar a dhéantar srianta a mhaolú."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Ba cheart go leanfadh gov.ie/health agus HSE.ie mar phríomhfhoinsí faisnéise ar bhearta sláinte poiblí COVID-19.

“Ina theannta sin, tá deais COVID-19 ina uirlis úsáideach d’aon duine atá ag iarraidh níos mó a fháil amach faoin ngalar sa phobal timpeall orthu. Tá dul chun cinn mór déanta ach tá an víreas fós ag scaipeadh agus, mar a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is í an bhagairt is mó anois ná réchúis."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,714 bás an méid sin.