English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 20 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2020

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,715* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé hAoine, an 19 Meitheamh, bhí 22 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC.

Tá 25,374** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“As an 22 cás deimhnithe atá á dtuairisciú againn inniu, bhain 9 gcás deimhnithe le daoine faoi 35 bliain d’aois. Ní féidir linn a ligean i ndearmad gur galar é COVID-19 a d’fhéadfadh duine ar bith a fháil, beag beann ar aois ná cúlra. Níor cheart go gceapfadh aon duine nach bhfaighidh sé féin an galar.”

“Tá an víreas seo an-ionfhabhtaíoch agus, dá bharr sin, baineann riosca le scaipeadh forleathan i measc an phobail arís. Chun gach duine a chosaint, go háirithe daoine scothaosta agus daoine leochaileacha, tá an oiread céanna tábhachta fós ag baint le hiompar coisctheach pearsanta cosúil le lámha a ní go maith agus go minic, scaradh sóisialta agus béasaíocht riospráide, agus a bhí ag tús na géarchéime seo.”

CRÍOCH

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 bhás a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,715 bás.

**Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 16 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna - 25,368 cás.