English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 24 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 6 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,726 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé Máirt, an 23 Meitheamh, bhí 5 chás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC.

Tá 25,396 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Deais COVID-19.

Ag meán oíche, an 21 Meitheamh, meastar gur tháinig 92% de gach cás deimhnithe go dtí seo chucu féin i ndiaidh COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“Trí oibriú le chéile, tá ag éirí linn stop a chur le scaipeadh forleathan COVID-19 i measc an phobail. Uaidh seo amach, is muid féin atá freagrach as iompar agus forbairt an ghalair seo.

“Tá an cumas ag gach uile dhuine an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an víreas ar na daoine is leochailí agus iad siúd atá i mbaol a laghdú. Is féidir linn é seo a dhéanamh tríd an scaradh fisiciúil nó aghaidhchlúdach a chaitheamh in áiteanna poiblí gnóthacha cosúil le siopaí agus iompar poiblí, agus trí leanúint lenár líon laethúil teagmhálaithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir.”

CRÍOCH