English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 27 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 6 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,734* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé hAoine, an 26 Meitheamh, bhí 23 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,437 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

"Chiallaigh ardleibhéil chomhlíontachta le comhairle sláinte poiblí go dtí seo gur féidir tús a chur an athuair leis an saol eacnamaíoch agus sóisialta.

"As an 23 cás a tuairiscíodh inniu, áfach, is le haosaigh níos óige faoi 35 bliain d’aois a bhain 10 gcás (43%). Is le haosaigh idir 35-54 a bhain 8 gcás (35%) eile.

"Is treocht agus ábhar imní é seo ar cúis bhuartha é anois ó tharla go leor daoine a bheith ag bualadh le cairde agus le gaolta agus go bhféadfadh daoine a bheith ag bailiú le chéile i ngrúpaí níos mó.

"Le laethanta beaga anuas, mar shampla, bhí líon mór dlúth-theagmhálaithe ag roinnt cásanna a d’éiligh tástáil agus féin-aonrú le haghaidh 14 lá.

"Is ionfhabhtú é COVID-19 a chuireann isteach ar dhaoine de gach aois agus tá dualgas orainn ar fad glacadh go dáiríre leis an bhfreagracht atá orainn.

"Ní féidir liom dóthain béime a leagan ar a thábhachtaí is atá sé a bheith ar an eolas faoin méid atá ag tarlú, 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile, agus aird a thabhairt ar an gcomhairle sláinte poiblí maidir le lámha a ní, sláinteachas lámh agus casachta, agus aghaidhchlúdach a chaitheamh."

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

CRÍOCH


Nótaí do na hEagarthóirí:

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,734 bás.