English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - An 28 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,735 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Sathairn an 27 Meitheamh, cuireadh 3 chás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,439* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,439 cás deimhnithe é seo.