Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Cuireadh - Dé hAoine an 01 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
1,059* cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu. Amhail 8am inniu, tá 308 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 59 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Agus muid ag bogadh isteach i dtréimhse an fhómhair/an gheimhridh agus ag ullmhú do na hoícheanta dorcha agus an aimsir fhuar a bhíonn ann le linn na séasúr seo, go bhfuil imní ar go leor daoine faoin gcaoi ar féidir linn leanúint ar aghaidh ag sóisialú go sábháilte agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus coirp a choinníonn ceangailte sinn lenár gcairde, lenár dteaghlaigh agus leis na pobail níos leithne. Táimid go léir eolach ar na bearta a choinneoidh slán muid ó COVID-19.
"Is é an vacsaíniú an bealach is fearr atá againn i gcónaí chun cosaint i gcoinne COVID-19. Tá na vacsaíní atá ar fáil in Éirinn an-sábháilte agus éifeachtach i gcoinne COVID-19 agus cuireann siad teorainn leis an dóchúlacht go n-éireoidh ionfhabhtú COVID-19 chomh dona sin go gcaithfeadh an duine dul isteach san ospidéal nó in aonad dianchúraim.
"Tá daoine áirithe ann nár thapaigh an deis an vacsaín a fháil fós, nó a chuir moill ar an dara dáileog a fháil ar chúiseanna éagsúla. Molaim go láidir do na daoine sin a chinntiú go bhfaigheann siad vacsaíniú iomlán chomh luath agus is féidir d’fhonn iad féin agus na daoine timpeall orthu a chosaint.
"Lean ar aghaidh ag níochán lámha go rialta, ag caitheamh masc nuair is cuí - go háirithe i suíomhanna miondíola, ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúram sláinte; fan amach ó dhaoine eile, coinnigh fuinneoga oscailte agus déan spásanna faoi dhíon a aerú, seachain sluaite agus fan taobh amuigh nuair is féidir chun bualadh le daoine eile."
Conas do vacsaín COVID-19 a fháil
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.