English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 11 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi 1819 * cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 206 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 36 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Is é an vacsaíniú, in éineacht le bunbhearta sláinte poiblí, an bealach is éifeachtaí chun an pobal a chosaint ar COVID-19. Ón lá amárach, osclaítear clárú don chlár vacsaín COVID-19 do dhaoine óga idir 12 agus 15 bliana d’aois. Le breis agus 6 mhilliún dáileog vacsaín riartha go dtí seo, sroicheann muid cloch mhíle thábhachtach eile inár dturas as an bpaindéim seo.

“Má tá tú ag iompar clainne agus má tá imní ort faoin vacsaín a fháil, labhair le do dhochtúir ginearálta, obstatraí, nó bean chabhrach chun treoir a fháil agus chun comhairle sláinte saincheaptha a fháil do do thoircheas. Úsáid foinsí faisnéise iontaofa mar FSS nó an Roinn Sláinte chun an fhaisnéis is déanaí maidir le vacsaín a fháil. "

CRÍÓCH

  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.