English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 27 Deireadh Fómhair 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,631* cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 503 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 101 acu in Aonad Dianchúraim.

Fógraíodh 5,436 bás san iomlán bainteach le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 67 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).

Dúirt An Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Tá minicíocht COVID-19 ag méadú ag ráta imníoch. Tá an meán gluaisteach 7 lá cothrom le 2,043 anois, suas ó 1,138 trí sheachtain ó shin. Tá minicíocht ag méadú i ngach aoisghrúpa, an líon is airde sna daoine 5-12 bliana d’aois.

“Mar thoradh ar mheascán de leibhéil níos airde teagmhála sóisialta, aistriú go daoine ag bualadh le chéile laistigh agus maolú comhchoiteann ar iompraíochtaí bunúsacha sláinte poiblí tá an méadú ionfhabhtaithe seo ann.

“Tá an tábhacht a bhaineann le haird aonair, institiúideach agus earnála ar mhaolú riosca ríthábhachtach ag an bpointe seo. Molaim dúinn go léir a chinntiú go bhfuil comhairle bhunúsach sláinte poiblí á leanúint againn agus a bheith ag súil le bearta rialaithe um chosc ar ionfhabhtú i suíomhanna a dtugaimid cuairt orthu.”

Dúirt An Dochtúir Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Níl aon idirghabháil amháin faoi leith ann a thabharfaidh cosaint duit féin agus dóibh siúd mórthimpeall ort ó COVID-19 a tholg. Teastaíonn cur chuige il-leibhéil uainn i leith an ghalair seo, agus na huirlisí uile atá ar fáil againn á n-úsáid; vacsaíniú, masc aghaidhe a chaitheamh, spásanna laistigh atá aeráilte go maith, sláinteachas lámh agus béasa casachta, fadú sóisialta nuair is cuí agus féin-aonrú ag tús na siomptóm. Is iad na bearta seo le chéile an bealach is éifeachtaí gur féidir leat tú féin agus do dhaoine muinteartha a chosaint ó COVID-19.”

An tOllamh Breda Smyth, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS Thiar, FSS:

“Tá an mhinicíocht ag fás ar fud an daonra. Tá an mhinicíocht ard sa phobal ina bagairt do gach suíomh. Is ábhar imní ar leith é timpeallachtaí le daoine leochaileacha, cosúil le tithe altranais, timpeallachtaí ospidéil agus cúraim agus áiseanna cónaithe fadtéarmacha. Is riosca mór don daonra seo é tarchur ard sa phobal. Teastaíonn comhiarracht chun minicíocht a laghdú chun na daoine is leochailí a chosaint."

Dúirt An Dochtúir Deirdre Robertson, Aonad Taighde Iompraíochta, ESRI;

“Aithníonn an daonra maith go leor go méadaíonn an baol go leathfar agus go dtolgfar COVID-19 má bhuailtear le níos mó daoine agus má théitear chuig cineálacha éagsúla suíomhanna. Tugann na sonraí le tuiscint gur lú an seans go n-aithneoidh siad go laghdaíonn bearta réamhchúraim cosúil le maisc aghaidhe a chaitheamh agus fad sóisialta a choinneáil an riosca, agus tá na hiompraíochtaí coisctheacha sin ag laghdú de réir a chéile ó thús na bliana.”

  • D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.