Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 03 Samhain 2021
- Foilsithe: 3 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 3,174* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 460 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 86 acusan san aonad dianchúraim.
5,492* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 56 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Le seachtain anuas, tá minicíocht ag méadú go tapa i measc daoine idir 19-24 bliana d’aois agus ar fud gach aoisghrúpa daoine fásta suas go 75 bliana. Is dóigh go bhfuil baint ag an minicíocht ard seo le sóisialú meántéarma agus leibhéil níos airde gníomhaíochta sóisialta ar fud na bpobal.
"Má tá tú ag bualadh le daoine eile, bí aireach ar do theagmhálacha sna laethanta ina dhiaidh sin, smaoinigh go háirithe ar aon duine a mbuailfidh tú leis a d’fhéadfadh a bheith imdhíon-lagaithe nó leochaileach do COVID-19.
"Má bhíonn siomptóim agat aonraigh leat féin láithreach agus socraigh tástáil PCR. Ná téigh ar scoil, ar choláiste ná ag sóisialú go dtí go bhfaighidh tú toradh diúltach."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Grúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann (IEMAG):
"Tá an mhinicíocht ard agus ag méadú. Tá méadú tagtha ar tástálacha dearfacha ar fud gach aoisghrúpa. Tá leibhéal an tsóisialaithe sa daonra ag an leibhéal is airde ó thosaigh an phaindéim. Cé go bhfuil líon ard vacsaíní faighte againn sa tír seo, ní hé an t-aon idirghabháil is gá chun cosc a chur ar ráigeanna ionfhabhtaithe. Cuideoidh gníomh um chosc ionfhabhtuithe i do shaol laethúil féin le tarchur a theorannú i do chiorcail féin, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne."
Dúirt an tOllamh Martin Cormican, Ceannaire Cliniciúil ar Chosc Ionfhabhtaithe, FSS;
“De réir a chéile tá an saol ag dul ar ais mar a bhí agus formhór na ndaoine amuigh arís. Cuidíonn sé seo le víris coitianta scaipeadh agus tá a lán víris éagsúla ann. Tá rudaí is féidir leat a dhéanamh chun tú féin agus do theaghlach a chosaint ar COVID agus víris eile.
“Is iad na príomhrudaí ná na vacsaíní molta go léir a fháil, áiteanna plódaithe faoi dhíon a sheachaint nuair is féidir, do chiorcal sóisialta a choinneáil beag, masc a chaitheamh agus do lámha a ní nuair a mholtar sin duit, scaradh go sóisialta ó dhaoine eile nuair is féidir agus iarr ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar do theach má tá víreas acu. Má tholgann duine sa teaghlach víreas is féidir leo cabhrú le daoine eile sa teach a chosaint más féidir leo daoine eile a sheachaint, a lámha a ní agus masc a úsáid agus aeráil a bheith acu an oiread agus is praiticiúil má tá siad i seomra le daoine eile.
“Cuimhnigh, le do thoil, cibé cineál víris atá agat COVID-19, an fliú nó rud éigin eile caitheamh tú fanacht amach ón obair, ón scoil, ó chlubanna, chruinnithe sóisialta nó reiligiúnach go dtí 2 lá tar éis do chuid siomptóim a bheith imithe. Déantar é seo ionas nach scaipfidh tú an víreas ar dhaoine eile."
Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris agus Víreolaí Leighis:
“Moltar teanndáileoga den vacsaín do dhuine ar bith os cionn 60 bliain d’aois, d’éinne atá imdhíon-lagaithe agus d’Oibrithe Cúraim Sláinte.
“Cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil na vacsaíní an-éifeachtach maidir le cosaint a dhéanamh ar ghalair thromchúiseacha, tugann sonraí le déanaí le fios go bhféadfadh éifeachtúlacht vacsaín maidir le hionfhabhtú a chosc agus tarchur SARS-CoV-2 laghdú le himeacht ama. Mar sin, fiú agus tú vacsaínithe, ba cheart duit a bheith aireach ar do chumas an víreas a tharchur chuig daoine eile, agus leanúint de bheith ag cloí leis na bearta sláinte poiblí eile."
CRÍOCH
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.
Nóta: Bhí tionchar ag saincheist theicniúil ar phróiseáil ar CIDR an 02/11/2021 agus mar thoradh air sin bhí líon íseal fógraí i gceist. Mar sin tá líon na gcásanna a tuairiscíodh inniu bunaithe ar thorthaí SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID. Tá na sonraí seo sealadach. Tá an tsaincheist theicniúil réitithe anois agus déanfar cásanna a phróiseáil agus a léiriú i bhfógraí CIDR sna laethanta amach romhainn.