English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 08 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 9 Nollaig 2021

Cuireadh 4,152* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 543 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 118 acusan san aonad dianchúraim.

5,788 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Mar a thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar aird inniu, tá sonraí nua ar an athraitheach Omicron ag teacht chun cinn gach lá, ach teastaíonn am ó eolaithe chun staidéir a dhéanamh agus na torthaí a léirmhíniú. Caithfimid a bheith cúramach maidir le conclúidí daingne a bhaint amach go dtí go mbeidh pictiúr níos iomláine againn.

"Is é an t-athraitheach Delta is cúis lenár minicíocht ard galair ó COVID-19. Tá a fhios againn freisin áfach conas slabhraí tarchuir COVID-19 a bhriseadh - d’oibrigh na bearta seo i gcoinne leaganacha roimhe seo de COVID-19, is féidir leo tarchur an athraithigh Delta a chosc agus táimid dóchasach go n-oibreoidh siad i gcoinne Omicron.

"Is dea-scéal agus céim dhearfach shuntasach é fógra an lae inniu go mbeidh vacsaín COVID-19 ar fáil do leanaí go luath. Idir an dá linn, tá vacsaíniú fós ar cheann de na bealaí is fearr chun muid féin a chosaint ar dhrochthinneas agus bás ó COVID-19. Mholfainn d’éinne nach bhfuil an chéad dáileog faighte acu fós teacht i láthair le haghaidh vacsaínithe a luaithe is féidir.

"Tabhair tosaíocht do do choinne le teanndáileog den vacsaín a fháil a luaithe a thairgtear duit é. Ná fan go dtí tar éis na Nollag chun do theanndáileog a fháil. Tá na buntáistí a bhaineann le do theanndáileog a fháil níos tábhachtaí ná aon rioscaí féideartha a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir an dá linn. Tosóidh tú ag fáil buntáiste do theanndáileoige seacht lá tar éis duit do thríú dáileog a fháil. Ciallaíonn sé seo gur féidir le duine ar bith a fuair a vacsaín an tseachtain seo a bheith muiníneach sa chosaint a thabharfaidh an teanndáileog dóibh agus muid ag bogadh níos gaire do thréimhse na Nollag.

“Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh gach duine againn tosaíocht dár gcoinní teanndáileoige a luaithe a fhaighimid iad nó go ndéanaimid an t-am freastal ar chlinic vacsaínithe siúil isteach má tá an rogha sin ar fáil."


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.

Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:

  • Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
  • Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
  • An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.