English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 47 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 14 díobh sin i mí an Mhárta, 18 i mí Feabhra agus 15 díobh i mí Eanáir.

83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 60 - 95 an raon aoise.

4,499 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt an 9 Márta, cuireadh 631 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 224,588 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 317 / is mná iad 308 díobh
  • Tá 74% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 29 aois airmheánach na ndaoine
  • 247 i mBaile Átha Cliath, 50 i gCill Dara, 44 sa Mhí, 41 i gCorcaigh, 32 i Luimneach agus an 217 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile. *

Amhail 8am inniu, tá 370 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 92 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 31 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 07 Márta, bhí 525,768 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 375,521 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 150,247 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 09 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 09 Márta 2021)* Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 09 Márta 2021)* Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (24 Feabh 2021 go 09 Márta 2021)* Cásanna Nua le 14 lá anuas (24 Feabh 2021 go 09 Márta 2021)*
Éire 631 488 162.5 7,739
An Longfort 14 8 396.3 162
Uíbh Fháilí 31 19 363.0 283
Baile Átha Cliath 247 205 240.6 3,242
An Iarmhí 6 8 234.3 208
An Mhí 44 30 217.4 424
19 15 215.7 278
Luimneach 32 26 196.0 382
Cill Dara 50 29 174.4 388
Dún na nGall 23 12 149.5 238
Ceatharlach 8 6 149.3 85
Maigh Eo 9 13 142.5 186
Laois <5 4 135.8 115
Gaillimh 19 17 134.9 348
Tiobraid Árann 12 14 129.1 206
Muineachán 9 4 120.5 74
An Clár 5 4 97.6 116
Port Láirge 19 10 96.4 112
Ros Comáin <5 2 94.5 61
Cill Mhantáin 7 11 88.5 126
An Cabhán 5 3 84.0 64
Sligeach <5 4 77.8 51
Loch Garman 8 10 73.5 110
Ciarraí 8 7 65.0 96
Liatroim 0 0 59.3 19
Corcaigh 41 21 57.3 311

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 71.7
  • Meán gluaiseachta 5 lá 488