English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 12 Meitheamh 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 5 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,695* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 9 Meitheamh, cuireadh 9 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,231** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Faoi láthair tá 102 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 29 cás san ICU faoi láthair.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Luain an 8 Meitheamh (25,212 cás):

  • is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 3,321 cás (13%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 411 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 8,099 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,163 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,531 cás (6%) agus ansin Cill Dara le 1,424 cás (6%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 38%, is ionann dlúth-theagmháil agus 60%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile amárach (Déardaoin an 11 Meitheamh) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt agus ullmhacht leanúnach na hÉireann i leith COVID-19. Déanfaidh NPHET athbhreithniú freisin ar threoir nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar chlúdaigh aghaidhe agus breithneoidh sí cumarsáidí maidir le húsáid chuí na gclúdach aghaidhe i suíomhanna pobail.”

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Tá ár ráta téarnaimh anois ag 92%. Cé go dea-scéal é go bhfuil biseach ar fhormhór na ndaoine a tholg COVID-19 ón gcuid is measa den tinneas, tá go leor daoine a bhfuil éifeachtaí fadtéarmacha ag cur isteach orthu go fóill lena n-áirítear tuirse agus cumas aclaíochta laghdaithe. Seachain an galar nua neamh-intuartha seo trí Item was unpublished or removed a leanúint - do láimhe a ní go rialta, scaradh fisiceach agus béasaíocht casachta/sraotha.”

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 1,695 bás an méid sin.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,231 cás deimhnithe é seo.