Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 15 Meán Fómhair 2021
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 17 Meán Fómhair 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 1,185* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 292 othar le COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 65 acu sin san Aonad Dianchúraim.
Fógraíodh 5,179 bás san iomlán a bhain le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 24 bás a fógraíodh le fíordhéanaí le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Is é 1,212 an meán gluaisteach.
Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Tá vacsaíní COVID-19 ag soláthar cosaint an-éifeachtach ó dhrochthinneas agus tá próifíl riosca an ghalair seo athraithe go bunúsach acu.
"Ón 1ú Aibreán, níor vacsaíodh go hiomlán thart ar 4 as gach 5 dhuine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim agus níor vacsaíodh go hiomlán thart ar 3 as gach 4 bhás le COVID-19. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go bhfaigheann na daoine nach bhfuair vacsaín COVID-19 fós vacsaín a luaithe is féidir.
“Má tá tú cosanta go hiomlán trí vacsaíniú, ansin is féidir leat a bheith muiníneach gurb é do vacsaíniú agus do chloí leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí atá oiriúnach do gach timpeallacht, an bealach is fearr is féidir leat tú féin a chosaint ó COVID-19.”
CRÍOCH
- D’fhéadfadh go n-athródh líon na gcásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.