English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 15 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 4,235* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 470 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 105 acusan san aonad dianchúraim.

5,835 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 47 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).

Is féidir leis an Roinn Sláinte a dhearbhú gur aimsíodh 24 cás breise den athraitheach Omicron, rud a fhágann go bhfuil 42 cás san iomlán aitheanta tar éis seicheamhú géanóm iomlán.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Níl ach 10 lá fágtha go dtí Lá Nollag. Má fhaigheann tú COVID-19 inniu beidh Lá Nollag san áireamh i do thréimhse aonraithe. Is féidir é seo a sheachaint trína chinntiú go nglacann tú gach céim is féidir chun tú féin a chosaint.

“Má tá tú ag pleanáil an Nollaig a chaitheamh le baill níos sine den teaghlach, aon duine atá imdhíon-lagaithe nó leochaileach d’éifeachtaí COVID-19, b'fhearr duit réamhchúraimí a ghlacadh ón lá inniu. Seachain sluaite, déan do theagmhálacha a theorannú, oibrigh ón mbaile mura bhfuil sé sin riachtanach, déan measúnú riosca ar do thimpeallachtaí agus déan roghanna sábháilte sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.

“Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach duine go scaipeann Omicron go héasca agus tá tarchur pobail aitheanta againn in Éirinn anois, sa mhéid go bhfuil an t-athraitheach seo freagrach as thart ar 13% de na cásanna ar fad arna tuairisciú.

“Tá sé chomh ríthábhachtach céanna an teanndáileog den vacsaín a fháil agus a bhí sé an chéad dáileog a fháil níos luaithe i mbliana. Tosóidh tú ag fáil buntáiste do theanndáileoige seacht lá tar éis duit do thríú dáileog a fháil."

Lean na bunbhearta chun tú féin agus do ghaolta a chosaint ar ionfhabhtú;

  • Scaradh sóisialta a chleachtadh
  • Oibriú ón mbaile, nuair is féidir
  • Seachain sluaite
  • A chinntiú go ndéantar spásanna faoi dhíon agus iompar poiblí a aeráil (fuinneoga oscailte)
  • Sláinteachas láimhe agus riospráide
  • Úsáid aghaidhmhaisc
  • Fan sa bhaile agus aonraigh má bhíonn siomptóim agat

CRÍOCH