Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 16 Feabhra 2022
- Foilsithe: 16 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 5,268 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Máirt an 15 Feabhra, chláraigh 4,613* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
6,399 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 108 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).**
Amhail 8am inniu, tá 631 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 62 acusan san aonad dianchúraim.
Nótaí
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.
**Tar éis an lae inniu (16 Feabhra 2022), ní dhéanfar tuairisciú seachtainiúil (ar an gCéadaoin) ar bhásanna nuafhógartha a bhaineann le COVID-19 a thuilleadh. Déanfar tuairisciú laethúil ar bhásanna a bhaineann le COVID-19 a nuashonrú ó Luan go hAoine ar mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 an HPSC agus ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann.
Cuireadh tús arís le tuairisciú ar an méid cásanna COVID-19 trí úsáid a bhaint as Tuairisciú Galair Thógálaigh Ríomhairithe (CIDR) FSS-HPSC an 15 Feabhra 2022.
Is é CIDR, mar an gcóras faireachais náisiúnta, an fhoinse údarásach le haghaidh sonraí bailíochtaithe faoi chásanna COVID-19 in Éirinn a shásaíonn sainmhíniú Éireannach agus Eorpach ar chásanna.
Mar gheall ar ardú ar mhinicíocht galair agus an t-am slánúcháin mhéadaithe chun fógraí a phróiseáil ar CIDR, idir an 22 Nollaig 2021 agus 14 Feabhra 2022, ba mheastachán é an cásuimhir laethúil de COVID-19 a tuairiscíodh go poiblí bunaithe ar thorthaí deimhneacha tástála SARS-CoV-2 PCRa uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS (HSE CCT) an lá roimhe sin.
Lean HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo. Beidh líon na gcásanna a thuairiscítear ó CIDR don tréimhse ama seo difriúil ó na meastacháin arna dtuairisciú bunaithe ar shocruithe eatramhacha.
Tá líon carnach iomlán na gcásanna a tuairiscíodh inniu (bunaithe ar fhógraí ar CIDR) níos ísle ná líon carnach iomlán na gcásanna a tuairiscíodh inné (meascán de CIDR agus cásanna a tuairiscíodh ó FSS CCT don tréimhse an 22 Nollaig 2021 agus an 14 Feabhra 2022). Is é an fáth atá leis seo ná go mbeidh difríocht ó lá go lá idir líon laethúil na gcásanna a thuairiscítear ó CIDR agus líon na dtástálacha deimhneacha an lá roimhe sin.
D’fhéadfaí a áireamh leis an líon laethúil tástálacha dearfacha saotharlainne, atástálacha ar an duine céanna agus imríonn an t-uainiú ina ndéantar torthaí ó shaotharlanna éagsúla a uaslódáil go dtí an CIDR tionchar freisin.