English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 17 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 57 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 34 díobh sin i mí Feabhra, 21 i mí Eanáir, duine amháin i mí na Nollag agus duine amháin i mí na Samhna.

82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 52-99 an raon aoise.

4,036* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt 16 Feabhra, cuireadh 650 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

211,751** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 325 / is mná iad 323 díobh
  • Tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 37 aois airmheánach na ndaoine
  • 192 i mBaile Átha Cliath, 53 i nGaillimh, 50 sa Mhí, 46 i gCill Dara, 46 i gCorcaigh agus tá na 263 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile.***

Amhail 8am inniu, tá 831 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 154 acusan san aonad dianchúraim.

Cuireadh 49 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 14 Feabhra, bhí 271,942 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 180,192 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 91,750 duine

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta againn, tá contúirt mhór ann i gcónaí.

“Is é cineál B117 den víreas atá i gceist le 90% de na cásanna in Éirinn anois. Léiríonn scaipeadh an víris i dteaghlaigh faoi láthair go bhfuil an leagan seo den víreas i bhfad níos tógálaí, bhí an galar tolgtha ag duine as gach triúr teagmhálaithe a bhí ag daoine le Covid-19.

“Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé do daoine a bheith cúramach sa bhaile agus i suíomhanna eile. Go háirithe, ba cheart do dhaoine aonrú láithreach má bhíonn aon siomptóim acu agus teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh."

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 16 Feabh 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 16 Feabh 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (03 Feabh 2021 go 16 Feabh 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (03 Feabh 2021 go 16 Feabh 2021)
Éire 650 816 261.7 12,460
Muineachán 14 16 449.6 276
Uíbh Fháilí 23 23 375.8 293
Baile Átha Cliath 192 315 350.9 4,728
Gaillimh 53 83 328.2 847
Ceatharlach 7 9 326.7 186
Laois 24 18 305.8 259
21 26 304.9 393
An Mhí 50 36 298.9 583
Port Láirge 10 21 292.7 340
An Cabhán 9 11 282.2 215
Cill Dara 46 39 271.9 605
Luimneach 45 35 267.8 522
Maigh Eo 17 25 258.2 337
Loch Garman 6 24 257.8 386
An Longfort 19 7 256.9 105
An Iarmhí 10 16 247.8 220
Dún na nGall 12 15 180.3 287
Liatroim 0 5 152.9 49
Tiobraid Árann 24 18 152.3 243
Sligeach <5 6 149.5 98
Corcaigh 46 31 147.5 801
Cill Mhantáin 9 11 143.2 204
An Clár 6 14 142.2 169
Ros Comáin <5 5 122.4 79
Cill Chainnigh 5 6 112.9 112
Ciarraí 0 2 83.3 123

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 4,036 bás é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 12 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 211,751 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 16 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.