English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 22 Meán Fómhair

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 1,432* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 272 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 63 acusan san aonad dianchúraim.

5,209 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 30 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Bhíomar ag déanamh dlúthfhaireacháin ar mhinicíocht COVID-19 agus táimid cinnte nach bhfuil méadú ar tharchur COVID-19 i measc leanaí scoile nó níos leithne ar fud an daonra mar thoradh ar athoscailt scoileanna. Is dea-scéal é seo do dhaltaí, do thuismitheoirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le hoideachas ár leanaí. Mar is gnáth, coinneoimid ag athbhreithniú tarchur an ghalair sa phobal, ach i bhfianaise thábhacht an oideachais dár leanaí braithimid gurb é seo an t-am ceart anois chun ár gcur chuige i leith bainistíocht sláinte poiblí COVID-19 a fhorbairt i suíomhanna oideachais.

“Ón Luan an 27 Meán Fómhair, athróimid an chaoi a mbainistímid COVID-19 inár scoileanna. Ní bheidh gá a thuilleadh le rianú teagmhálaithe dlúth-theagmhálacha i saoráidí cúraim leanaí agus i mbunoideachas ná le tástáil a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálacha aisiomptómacha in áiseanna cúraim leanaí agus in oideachas bunscoile.

“Ní cheanglófar a thuilleadh ar leanaí 12 bhliain d’aois nó níos óige, a shainaithnítear mar dhlúth-theagmhálacha i gcúram leanaí, i suíomhanna oideachais, oideachais speisialta nó i suíomhanna neamhtheaghlaigh eile agus atá aisiomptómach a ngluaiseachtaí a shrianadh.

“I bhfianaise an riosca i bhfad níos airde tarchuir i dteaghlaigh i gcomparáid le haon suíomh eile, beidh ar leanaí 12 bliana d’aois nó níos óige, a shainaithnítear mar dhlúth-theagmhálacha teaghlaigh, gluaiseachtaí a shrianadh agus tástáil a dhéanamh i gcónaí, is cuma an bhfuil siomptóim orthu nó nach bhfuil.

“Is í comhairle sláinte poiblí fós gur chóir d’aon duine, lena n-áirítear leanaí 12 bhliain d’aois nó níos óige a bhfuil siomptóim acu atá comhsheasmhach le COVID-19, iad féin a aonrú go tapa agus gan freastal ar scoil nó bualadh le chéile go dtí 48 uair an chloig tar éis dóibh a bheith saor ó shíomptóim."