English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 24 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 56 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 31 díobh sin i mí Feabhra, 13 i mí Eanáir, 3 i mí na Nollag nó níos luaithe agus tá 9 mbás fós á fhiosrú.

82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 16-97 an raon aoise.

4,237 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Máirt 23 Feabhra, cuireadh 574 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 216,870* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 216,870 cás é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 285 agus is mná iad 287 díobh
  • tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 34 aois airmheánach na ndaoine
  • 175 i mBaile Átha Cliath, 57 i Luimneach, 43 i gCill Dara, 37 i nGaillimh, 35 sa Mhí agus tá na 227 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile

Amhail 8am inniu, tá 652 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 137 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 35 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 21 Feabhra, bhí 353,971 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 222,073 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 131,898 duine

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá dul chun cinn maith le feiceáil againn, ach caithfear é sin a choinneáil suas. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh ár leanaí ar ais ar scoil sna seachtainí amach romhainn. Caithfimid go léir seasamh le chéile agus na bearta sláinte poiblí seanbhunaithe a leanúint le go n-éireoidh linn. Fan sa bhaile, oibrigh ón mbaile nuair is féidir.

"I bhfianaise scaipeadh méadaithe an víris anois, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag teorannú ár dteagmhálacha sóisialta agus gach rud is féidir a dhéanamh chun scaipeadh an ghalair a stopadh."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • minicíocht 7 lá 108.4
  • meán gluaisteacha 5 lá 700