English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 28 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 13 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh triúr díobh sin i mí Aibreán, triúr i mí an Mhárta agus seachtar i mí Feabhra nó níos luaithe.

85 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 60-95 an raon aoise.

4,896* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 27 Aibreán, cuireadh 371 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

247,857** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 190 / is mná iad 181 díobh
  • Tá 77% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 28 aois airmheánach na ndaoine
  • 131 i mBaile Átha Cliath, 38 i gCill Dara, 33 i nDún na nGall, 18 i gCorcaigh, 17 sa Mhí agus tá na 134 cás eile scaipthe ar fud 17 gcontae eile***

Amhail 8am inniu, tá 153 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 45 acusan san aonad dianchúraim.

Cuireadh 17 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 26 Aibreán 2021, bhí 1,417,942 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,014,640 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 403,302 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 4896 cás deimhnithe é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 247,857 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

  • Minicíocht 7 lá 66.5
  • Meán gluaiseachta 5 lá 424