Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 29 Iúil 2020
- Foilsithe: 29 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,764 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 28 Iúil, cuireadh 14 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,942* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Bhain 11 de chásanna an lae inniu le dlúth-theagmhálacha le cásanna deimhnithe agus ní raibh aon siomptóim ag leath díobh sin. Má tá imní ort go raibh tú i dteagmháil le cás deimhnithe, tar chun tosaigh le aghaidh tástála. Ná fan go dtiocfaidh na siomptóim chun cinn.
“Tá 8 gcás deimhnithe anois de COVID-19 inár gcóras ospidéil, an líon is ísle ó thús mhí an Mhárta. Is cosúil go bhfuil an phaindéim méadaithe ar fud na hEorpa, áfach. Tá deis againn cás den chineál céanna a sheachaint anseo. Caithfimid é a dhéanamh trí dhíriú arís ar scaradh fisiceach, ár lámha a ní, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus leanúint ar aghaidh ag déanamh cinntí sábháilte a chosnóidh muid féin, ár gcairde, ár dteaghlaigh. Níl aon duine sábháilte mura bhfuil gach duine sábháilte."
Soláthraíonn Deais COVID-19Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr 25,942 é seo.